Paidreacha

PAIDREACHA

In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen

Ár nAthair

Ár nAthair atá ar neamh, go naofar d’ainm, go dtaga do ríocht,
go ndéantar do thoiln ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
Ar n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha,
mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin,
agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc. Amen.

Sé do bheatha, a Mhuire

Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta,
tá an Tiarna leat.
Is beannaithe thú idir na mná
agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa.
A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé,
guigh orainn na peacaigh,
anois agus ar uair ár mbáis. Amen

Glóir don Athair

Glóir don Athair agus don Mhac
agus don Spiorad Naomh;
mar a bhí ar dtús,
mar atá anois agus mar a bheas go brách, le saol na saol. Amen

Magnificat

Mórann m’anam an Tiarna,
agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.
Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh;
mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.
Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,
agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin
dóibh seo ar a mbíonn a eagla.
Thaispeáin sé neart a láimhe:
scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.
Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha,
agus d’ardaigh sé daoine ísle;
Líon sé lucht an ocrais le nithe fónta,
agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
D’fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach,
ag cuimhneamh dó ar a thrócaire –
de réir mar gheall sé dar n-aithreacha –
d’Abrahám agus dá shliocht go brách. Amen

Beannaigh an teach seo, guímid, a Thiarna,
Coinnigh slán é de ló* is d’oiche,
Beannaigh na bhallai seo, atá crua is leathan,
Ag connigh angar is trioblóid amach. Beannaigh an díon is símlear ard,
Go luíodh Do shíochán os cionn uile.
Beannaigh an doras seo, go raibh sé
Oscailte go deo le haoibhneas ‘s grá. Beannaigh na fuinneoga seo ar lonraí geal,
Ag ligint isteach solas neamhúil Dé.
Beannaigh an tinteán ar lasadh ansin,
Le deatach ag éirí suas amhail phaidir. Beannaigh na daoine a chónaíonn istigh,
Coinnigh sinn glan ‘s saor ó pheaca.
Beannaigh sinne go mbeimíd go léir,
Feiliúnach, a Thiarna, chun cónaí Leat. Beannaigh sinn uile don lá éigin sin,
Go mbeimíd a Thiarna, inár gcónaí Leat.

Cuimhnigh

Cuimhnigh,a Mhaighdean Mhuire róghrámhar,
nár chualathas trácht ar éinne
riamh a chuir é féin
faoi do choimirce
ná a d’iarr cabhair ort
ná a d’impigh d’idirghuí
is gur theip tú air. Lán de mhuinín asat, dá bhrí sin,
rithimse chugat, a Mhaighdean
na maighdean is a Mháthair.
Is chugatsa a thagaim,
is os do chomhair a sheasaim,
i mo pheacach bocht atuirseach.
Ó a Mháthair an Aonmhic,
ná diúltaigh do m’urnaithe
ach éist leo go trócaireach agus
freagair iad. Ámén.